5 Chruinnigh Dáiví Iosrael go léir le chéile ó Shíochór na hÉigipte go Bealach Hamát d'fhonn áirc Dé a thabhairt ar ais ó Chiriat Iáraím.
6 Chuaigh Dáiví agus Iosrael go léir suas go Bálá, go Ciriat Iáraím in Iúdá chun áirc Dé, ar a dtugtar ainm an Tiarna atá ina shuí ar na ceiribíní, a thabhairt aníos ón áit sin.
7 Leag siad áirc Dé ar charr nua i dteach Aibíonádáb. Bhí Uzá agus Aichió ag tiomáint an chairr,
8 agus bhí Dáiví agus Iosrael go léir ag rince os comhair Dé ar a ndícheall, ag gabháil amhrán le ceol na lirí, na gcruiteanna, na mbodhrán, na gciombal, agus na dteampán.
9 Nuair a thángadar chomh fada le hurlár buailte na Bunsaí, shín Uzá a lámh uaidh amach le greim a bhreith ar an áirc mar go raibh na daimh ag tuisliú.
10 Ansin las fearg an Tiarna in aghaidh Uzá agus leag sé ar lár é mar gur chuir sé lámh ar an áirc, agus fuair sé bás ansiúd i láthair Dé.
11 Bhí Dáiví míshásta mar gur bhladhm an Tiarna i bhfearg in aghaidh Uzá; agus tugtar an Bhladhm-in-aghaidh-Uzá ar an áit ó shin.