1 Thóg Dáiví tithe dó féin i gcathair Dháiví agus d'ullmhaigh sé áit d'áirc an Tiarna, agus thóg both di.
2 Ansin dúirt Dáiví: “Ní ceadmhach ach do na Léivítigh áirc Dé a iompar, óir thogh an Tiarna iad le háirc an Tiarna a iompar agus le fónamh dó go brách.”
3 Chruinnigh Dáiví Iosrael go léir le chéile in Iarúsailéim chun áirc Dé a thabhairt suas chun na háite a bhí ullamh aige di.
4 Chruinnigh Dáiví le chéile clann Árón agus clann Léiví;
5 de chlann Chohát: Úiríéil an taoiseach agus a chéad gaol agus fiche;
6 de chlann Mharáraí: Asáiá an taoiseach agus a dhá chéad gaol agus fiche;
7 de chlann Ghéirseom: Ióéil an taoiseach agus a chéad gaol agus tríocha;