16 Agus dúirt Dáiví le cinn urra na Léivíteach a ngaolta a cheapadh mar chantairí chun geantraí a sheinm ar a ngléasanna ceoil, ar chláirseacha, ar chruiteanna agus ar chiombail.
17 Ansin cheap na Léivítigh Héamán mac Ióéil; Ásáf mac Bheiriciá, duine dá ghaolta; Éatán mac Chúiseáiá, duine dá ngaolta de chlann Mharáraí;
18 agus ina dteanntasan, sa chéad ghrád eile, a ngaolta: Zacairiá mac Iaizíéil, Simíreámót, Íchíéil, Uiní, Eilíáb, Banáiá, Másaeiá, Maititiá, Eilífilaehú, Micnéiá, Obaed Eadóm, Íéil, lucht faire an gheata.
19 Na cantairí Héamán, Ásáf, agus Éatán - bhí siadsan leis na ciombail chré-umha a bhualadh;
20 Zacairiá, Iáizíéil, Simíreámót, Ichíéil, Uiní, Eilíáb, Másaeiá, Banáiá - bhí siadsan leis an gcruit eochrach a sheinm;
21 Maititiá, Eilífilaehú, Micnéiá, Obaed Eadóm, Íéil, Azaiziá - bhíodarsan leis an mbuille a ghabháil agus an lir ochtávach a sheinm.
22 Canainiá ceannaire ceoil na Léivíteach, a bhí oilte ar an gceol, bhí sé le dul i gceannas air.