9 de chlann Heabrón: Eilíéil an taoiseach agus a cheithre fichid gaol;
10 de chlann mhac Uizíéil: Aimíonádáb an taoiseach agus a dháréag gaol ar chéad.
11 Chuir Dáiví fios ar na sagairt Zádóc agus Aibíátár agus ar na Léivítigh Úiriéil, Asáiá, Ióéil, Seamáiá, Eilíéil agus Aimíonádáb.
12 Dúirt sé leosan: “Sibhse cinn finí na dteaghlach Léivíteach; naomhaígí sibh féin agus bhur ngaolta agus tugaigí áirc an Tiarna, Dia Iosrael, suas chun na háite atá ullamh agam di.
13 Is de bhrí nach raibh sibh ann an chéad uair a bhladhm an Tiarna ár nDia inár n‑aghaidh, mar ní dheachamar faoina déin sa tslí is dual.”
14 Naomhaigh na sagairt agus na Léivítigh iad féin le háirc an Tiarna, Dia Iosrael, a bhreith suas.
15 D'iompair na Léivítigh áirc Dé agus a cuaillí ar a nguaillí faoi mar a d'ordaigh Maois de réir bhriathar an Tiarna.