1 Thug siad áirc an Tiarna isteach agus chuir siad í sa bhoth a bhí réitithe ag Dáiví di; agus d'ofráladar íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach i láthair Dé.
2 Nuair a bhí deireadh na n‑íobairtí dóite agus na n‑íobairtí comaoineach ofráilte ag Dáiví, bheannaigh sé an pobal in ainm an Tiarna.
3 Ansin roinn sé ar na hIosraelaigh go léir, idir fhir agus mhná, builín aráin an duine, píosa feola, glac dátaí, agus císte rísíní.
4 Cheap Dáiví cuid de na Léivítigh ina ministirí os comhair áirc an Tiarna leis an Tiarna, Dia Iosrael, a impí, a ghlóiriú, agus a mholadh:
5 Ásáf i gceannas, Zacairiá sa dara háit, ansin [Uizíéil], Simíreámót, Íchíéil, Maititiá, Eilíáb, Banáiá, Obaed Eadóm, Íéil. An chláirseach agus an chruit a bhí le seinm acusan; bhí Ásáf leis na ciombail a bhualadh.