10 Bíodh mórtas oraibh mar gheall ar a ainm naofa,Agus bíodh lúcháir chroí ar an muintir atá sa tóir ar an Tiarna.
11 Bíodh tóir agaibh ar an Tiarna agus ar a neart,Lorgaígí a ghnúis gan stad.
12 Bíodh cuimhne agaibh ar na hiontais a rinne sé,Ar na héachtaí a rinne sé, agus ar bhreitheanna a bhéil.
13 A cheap Iosrael, a sheirbhíseach,A chlann mhac Iacóib a thogh sé!
14 Eisean, an Tiarna, ár nDia;Tá a údarás os cionn na cruinne go léir.
15 Is cuimhin leis a chonradh go síoraí,Agus a bhriathar ceannais ar feadh na mílte glún,
16 An conradh a rinne sé le hAbrahám,An mionn a mhionnaigh sé le hÍosác,