18 Á rá: “Duitse a thabharfaidh mé tír Chanán,Mar oidhreacht athartha.”
19 Nuair ba bheag é a líon,Ina ndeoraithe ann gan aird,
20 Ag dul ó chine go cine,Ó ríocht anseo go pobal ansiúd,
21 Níor lig sé d'aon duine luí orthu,Ach smachtaigh sé ríthe ar a son.
22 “Ná bainigí le mo lucht ungtha,” ar sé,“Ná déanaigí dochar do mo fháithe!”
23 Canaigí don Tiarna, a thíortha uile;Fógraígí a shlánú ó lá go lá.
24 Insígí faoina ghlóir i measc na gciníocha!Agus faoina éachtaí i measc na bpobal go léir.