26 Níl sna déithe go léir ach neamhní,Ach rinne an Tiarna féin na spéartha.
27 Tá glóir agus mórgacht ina láthair,Cumhacht agus lúcháir ina áit féin.
28 Tugaigí glóir agus cumhachtMar cháin don Tiarna, a theaghlacha pobal;
29 Tugaigí an ghlóir is dual dá ainm, don Tiarna!Beirigí amach an ofráil agus tugaigí os a chomhair í.Adhraigí an Tiarna ina chúirt naofa.
30 Bí-se, a chruinne go léir, ar crith roimhe.Rinne sé an domhan daingean dobhogtha;
31 Bíodh lúcháir ar na flaithis, agus aoibhneas ar talamh!Abraigí i measc na gciníocha: “Sé an Tiarna is Ri!”
32 Go lige an fharraige, agus a bhfuil inti, búir aisti;Bíodh lúcháir ar na goirt agus ar a bhfuil iontu.