33 Cuireadh crainn na coille gáir áthais suas,i bhfianaise an Tiarna mar tá sé ag teacht a rialú na cruinne.
34 Beirigí buíochas leis an Tiarna mar is maith é;Maireann a bhuanghrá go brách!
35 Abraigí: “Tarrthaigh sinn, a Dhia ár slánaithe;Cruinnigh le chéile sinn agus fuascail sinn ó lár na gciníocha;Ionas go gceiliúrfaimis d'ainm naofa,Agus go mbeadh mórtas orainn do do mholadh.
36 Go mba beannaithe é an Tiarna, Dia Iosrael,ó shíoraíocht go síoraíocht.”Ansin dúirt an pobal go léir “Amen” agus mhol siad an Tiarna.
37 D'fhág Dáiví Ásáf agus a ghaolta ansiúd os comhair áirc chonradh an Tiarna le seirbhís bhuan a dhéanamh os comhair na háirce mar a d'éiligh gach lá;
38 agus Obaed Eadóm lena ochtar gaol agus trí fichid; cuireadh Obaed Eadóm, mac Iadútún, agus Hosá i bhfeighil an gheata.
39 D'fhág sé Zádóc an sagart agus a shagairt ghaoil os comhair thaibearnacal an Tiarna ar an ardionad i nGibeón,