40 le híobairtí uileloiscthe a ofráil gan stad maidin agus tráthnóna ar altóir an uileloiscthe agus le gach a bhfuil scríofa i ndlí an Tiarna, an dlí a leag sé ar Iosrael, a chomhlíonadh.
41 Bhí Héamán agus Iadútún ina dteannta agus an chuid eile díobh siúd a toghadh agus a ainmníodh le Dia a mholadh, “mar maireann a bhuanghrá de shíor”.
42 Bhí Héamán agus Iadútún i bhfeighil na stoc agus na gciombal agus na n‑uirlisí don cheol a bhí ag gabháil le hiomainn mholta Dé. Cuireadh clann mhac Iadútún i bhfeighil an gheata.
43 Ansin d'imigh an pobal go léir leo, gach duine chun a thí féin, agus d'fhill Dáiví abhaile le beannacht a chur ar a theaghlach féin.