5 Ásáf i gceannas, Zacairiá sa dara háit, ansin [Uizíéil], Simíreámót, Íchíéil, Maititiá, Eilíáb, Banáiá, Obaed Eadóm, Íéil. An chláirseach agus an chruit a bhí le seinm acusan; bhí Ásáf leis na ciombail a bhualadh.
6 Bhí na sagairt Banáiá agus Iachaizíéil leis an adharc a shéideadh gan stad os comhair áirc chonradh an Tiarna.
7 An lá sin rinne Dáiví, fear molta an Tiarna thar chách, an t‑amhrán molta seo a chur faoi chúram Ásáf agus a ghaolta:
8 Tugaigí buíochas don Tiarna, glaoigí go hard ar a ainm.Foilsígí a oibreacha i measc na gciníocha!
9 Canaigí dó, seinnigí dó,Insígí a éachtaí go léir!
10 Bíodh mórtas oraibh mar gheall ar a ainm naofa,Agus bíodh lúcháir chroí ar an muintir atá sa tóir ar an Tiarna.
11 Bíodh tóir agaibh ar an Tiarna agus ar a neart,Lorgaígí a ghnúis gan stad.