7 An lá sin rinne Dáiví, fear molta an Tiarna thar chách, an t‑amhrán molta seo a chur faoi chúram Ásáf agus a ghaolta:
8 Tugaigí buíochas don Tiarna, glaoigí go hard ar a ainm.Foilsígí a oibreacha i measc na gciníocha!
9 Canaigí dó, seinnigí dó,Insígí a éachtaí go léir!
10 Bíodh mórtas oraibh mar gheall ar a ainm naofa,Agus bíodh lúcháir chroí ar an muintir atá sa tóir ar an Tiarna.
11 Bíodh tóir agaibh ar an Tiarna agus ar a neart,Lorgaígí a ghnúis gan stad.
12 Bíodh cuimhne agaibh ar na hiontais a rinne sé,Ar na héachtaí a rinne sé, agus ar bhreitheanna a bhéil.
13 A cheap Iosrael, a sheirbhíseach,A chlann mhac Iacóib a thogh sé!