1 A luaithe a bhí Dáiví socair ina theach, dúirt sé leis an bhfáidh Nátán: “Féach! táimse ag cur fúm i dteach céadair, ach tá áirc chonradh an Tiarna faoi dhíon botha.”
2 Dúirt Nátán le Dáiví: “Déan gach uile ní is áil le do chroí, óir tá Dia leat.”
3 Ach an oíche cheannann chéanna tháinig briathar an Tiarna go Nátán:
4 “Imigh leat agus abair le mo shearbhónta Dáiví: ‘Seo mar a labhraíonn an Tiarna: Ní tusa an té atá le teach a thógáil dom ina ndéanfaidh mé cónaí.
5 Níor fhan mé i dteach riamh ón lá a thug mé Iosrael amach go dtí an lá inniu, ach ag gabháil ó bhoth go both, ó dhíon go díon.
6 Le linn mo chuid taistil go léir le hIosrael go léir, ar dhúirt mé le haon duine de bhreithiúna Iosrael a bhí ceaptha agam mar thréadaithe ar Iosrael mo phobal: Cén fáth nár thóg tú teach céadair dom?’
7 Seo an rud is gá duit á rá le mo shearbhónta Dáiví: ‘Deir Tiarna na Slua an méid seo: Thug mé ón talamh féaraigh thú agus ó ghiollacht na gcaorach chun go mbeifeá i do thaoiseach ar Iosrael, mo phobal.