20 Níl aon neach mar thú a Thiarna, agus níl aon Dia ann ach tú amháin, mar a chuala ár gcluasa féin.
21 An bhfúil pobal eile ar talamh mar do phobal féin, Iosrael, le Dia a chuaigh á bhfuascailt agus ag déanamh pobail leis féin díobh, á mhóradh féin agus ag déanamh nithe éachtacha scanrúla ar a son, ag díbirt ciníocha roimh do phobal a d'fhuascail tú ón Éigipt?
22 De do phobal Iosrael rinne tú do phobal féin go deo, agus is tusa, a Thiarna, atá i do Dhia acu feasta.
23 Anois, a Thiarna, an gealltanas a rinne tú, le do shearbhónta agus lena theaghlach, bíodh sé daingean go deo, agus déan mar a dúirt tú.
24 Bíodh sé daingean socair go mbeidh d'ainm in ardchéim go deo, agus déarfaidh daoine: ‘Tá Tiarna na Slua ina Dhia ar Iosrael; sé is Dia ag Iosrael.’ Déanfar teaghlach do shearbhónta Dáiví daingean i do láthair,
25 óir is tusa, tusa féin, a d'fhoilsigh do do sheirbhíseach go dtógfá teaghlach dó; dá bhrí sin bhí sé de mhisneach ag do shearbhónta an phaidir seo a chur suas chugat.
26 Sea, a Thiarna, is Dia thú go deimhin, agus rinne tú an gealltanas fónta seo do do sheirbhíseach.