23 Anois, a Thiarna, an gealltanas a rinne tú, le do shearbhónta agus lena theaghlach, bíodh sé daingean go deo, agus déan mar a dúirt tú.
24 Bíodh sé daingean socair go mbeidh d'ainm in ardchéim go deo, agus déarfaidh daoine: ‘Tá Tiarna na Slua ina Dhia ar Iosrael; sé is Dia ag Iosrael.’ Déanfar teaghlach do shearbhónta Dáiví daingean i do láthair,
25 óir is tusa, tusa féin, a d'fhoilsigh do do sheirbhíseach go dtógfá teaghlach dó; dá bhrí sin bhí sé de mhisneach ag do shearbhónta an phaidir seo a chur suas chugat.
26 Sea, a Thiarna, is Dia thú go deimhin, agus rinne tú an gealltanas fónta seo do do sheirbhíseach.
27 Deonaigh mar sin teaghlach do shearbhónta a bheannú, ionas go mairfeadh sé go deo i do láthair. Óir gach ar a gcuireann tú do bheannacht, bíonn beannacht air go deo.”