14 Bhí Dáiví i réim os cionn Iosrael ar fad, ag riar dlí agus cirt ar a phobal go léir.
15 Bhí Ióáb mac Zarúá i gceannas an airm, agus Iahóiseáfát mac Aichíliúd ina sheanchaí.
16 Bhí Zádóc mac Aichítiúb agus Aichímeilic mac Aibíátár ina sagairt; bhí Seavsea ina rúnaí.
17 Bhí Banáiá mac Iachóiádá i gceannas na gCeiréiteach agus na bPeiléiteach. Bhí clann mhac Dháiví sa chéad áit lena thaobh.