9 Nuair a chuala Tóú rí Hamát gur bhris Dáiví ar arm Hadad Eizir rí Zóbá go léir,
10 chuir sé a mhac Hadórám go Dáiví rí chun beannú dó agus comhghairdeas a dhéanamh leis mar gur throid sé le Hadad Eizir agus gur bhuaigh sé air, mar gur mhinic é Hadad Eizir ag troid le Tóú. Chuir sé gréithe óir, airgid agus cré-umha de gach sort chuige.
11 Rinne Dáiví rí iadsan go léir a choisreacan don Tiarna mar aon leis an airgead agus leis an ór a rinne sé a thobhach ó na náisiúin go léir a bhí curtha faoi chois aige: Eadóm, Móáb, na hAmónaigh, na Filistínigh, Amáiléic.
12 Chloígh Aibísí mac Zarúá na hEadómaigh i nGleann an tSalainn, ocht míle dhéag díobh.
13 Chuir sé garastúin in Eadóm agus tháinig na hEadómaigh go léir faoi smacht Dháiví. Thugadh an Tiarna an bua do Dháiví cibé áit a dtéadh sé.
14 Bhí Dáiví i réim os cionn Iosrael ar fad, ag riar dlí agus cirt ar a phobal go léir.
15 Bhí Ióáb mac Zarúá i gceannas an airm, agus Iahóiseáfát mac Aichíliúd ina sheanchaí.