1 Fuair Nácháis rí na nAmónach bás ina dhiaidh sin agus tháinig a mhac i gcoróin ina áit.
2 Dúirt Dáiví leis féin: “Beidh mé chomh cineálta céanna le Hánún mac Nácháis agus a bhí a athair liomsa.” Chuir Dáiví seirbhísigh chuige le teachtaireacht chomhbhróin faoi bhás a athar. Ach nuair a tháinig seirbhísigh Dháiví go Hánún i dtír na nAmónach lena dteachtaireacht chomhbhróin,
3 dúirt ceannairí na nAmónach le Hánún: “An dóigh leat gur d'fhonn onóir a thabhairt do d'athair atá teachtairí comhbhróin á gcur ag Dáiví chugat? A mhalairt, nach bhfuil a sheirbhísigh curtha ag Dáiví chugat chun an chathair a bhrath, a scrios, agus a spíonadh?”
4 Ghabh Hánún seirbhísigh Dháiví dá bhrí sin, bhearr an fhéasóg de gach duine díobh, ghearr a gcuid éadaigh díobh leath slí suas chun a más, agus chuir chun siúil iad,
5 agus d'imigh siad leo. Nuair a insíodh do Dháiví faoinar tharla do na fir, chuir sé teachtaire ina gcoinne, mar go raibh náire shaolta ar na fir: “Fanaigí i Ireachó,” arsan rí, “go bhfása bhur bhféasóg arís agus tagaigí ar ais ansin.”
6 Nuair a chonaic na hAmónaigh go raibh an ghráin ginte ag Dáiví dóibh, sheoladar míle tallann airgid le carbaid agus carbadóirí a fhostú ó Aramaeigh na Measpatáime Uachtaraí, Mácá agus Zóbá.