8 Nuair a chuala Dáiví é sin sheol sé amach Ióáb leis na saighdiúirí singil agus leis na curaidh.
9 Mháirseáil na hAmónaigh amach agus chuadar in eagar catha ag an mbealach isteach sa chathair, ach d'fhan na ríthe a tháinig ó chéin leo féin sa mhachaire.
10 Nuair a chonaic Ióáb go raibh an cath le cur ar a bhéala agus ar a chúla le chéile, roghnaigh sé cuid de thogha na nIosraelach agus chóirigh iad in aghaidh na nAramaech.
11 Chuir sé an chuid eile den arm faoi cheannas a dhearthár Aibísí agus cóiríodh iad in aghaidh na nAmónach.
12 “Má bhíonn na hAramaeigh róthréan domsa, tarsa i gcabhair orm,” ar sé, “ach má bhíonn na hAmónaigh róthréan duitse, rachaidh mise i gcabhair ortsa.
13 Bíodh misneach agat agus seasaimis an fód ar son ár bpobail agus ar son cathracha ár nDé. Go ndéana an Tiarna mar is rogha leis.”
14 Chuaigh Ióáb agus an mhuintir a bhí in éineacht leis i ngleic leis na hAramaeigh, ach theitheadarsan uaidh.