21 Ansin phós Heazrón iníon Mhácaír, athair Ghileád; bhí sé trí fichid bliain nuair a phós sé í, agus ghin sí Sagúb.
22 Ghin Sagúb Iáír a bhí i gceannas ar thrí chathair agus fiche i ndúiche Ghileád.
23 Ghabh Gisiúr agus Arám, Havat Iáír, Canát agus a shráidbhailte, trí fichid baile uathu. [Bhain seo uile le] Mácaír athair Ghileád.
24 Tar éis bháis Heazrón phós Cálaeb Eafratá, bean Heazrón a athair, agus rug sí dó Aischiúr athair Theacóá.
25 Bhí clann mhac ag Iarachmael an mac ba shine ag Heasrón: Rám a chéadghin, Búná, Oirin, Oizim, Aichía.
26 Bhí bean eile, Atárá, ag Iarachmael. Ise máthair Ónám.
27 Clann mhac Rám céadghin Iarachmael: Máz, Iáimín, Éicir.