4 Ina dhiaidh sin, bhris cogaíocht amach arís leis na Filistínigh i nGeizir. Sin é an uair a mharaigh Suibeacai an Huiseátach Suipí, de shliocht na Rafáím. Cloíodh na Filistínigh.
5 Bhris cogaíocht amach arís eile leis na Filistínigh agus mharaigh Ealchánán mac Iáír Lachmaí, deartháir Ghóla an Giteach, ar chosúil le bíoma fíodóra crann a shleá.
6 Bhí cath eile ag Gat mar a raibh fear mór groí a raibh sé mhéar ar gach láimh leis agus sé mhéar ar gach cois, ceithre mhéar fichead ar fad. Ba de shliocht Rafa eisean chomh maith.
7 Nuair a thug sé dúshlán Iosrael, mharaigh Iónátán mac Shimeá, deartháir Dháiví, é.
8 Ba de shliocht Rafa ó Ghat an ceathrar seo agus thiteadar le Dáiví agus lena bhuíon.