13 Dúirt Dáiví le Gád: “Is é rogha na ndíogha agam é! Ach is fearr go dtitfinn i lámha an Tiarna, óir is mór é a thrócaire, ná i lámha daoine.”
14 Chuir an Tiarna plá ar Iosrael, agus fuair seachtó míle d'fhir Iosrael bás.
15 Ansin chuir an Tiarna an t‑aingeal go Iarúsailéim lena scrios, ach nuair a bhí sé ar tí í a scrios, d'fhéach an Tiarna agus tháinig ar mhalairt aigne faoin olc seo, agus dúirt sé leis an aingeal a bhí ag scrios an phobail: “Is leor sin! Fóill ar do láimh anois!” Bhí aingeal an Tiarna ina sheasamh ag urlár buailte Ornán an Iabúsach.
16 D'ardaigh Dáiví a shúile agus chonaic sé aingeal an Tiarna ina sheasamh idir neamh agus talamh, agus claíomh nocht ina láimh aige sínte amach i dtreo Iarúsailéim. Ansin Dáiví agus na seanóirí, agus iad gléasta in éadach róin, thit siad ar a mbéal agus ar a bhfiacla.
17 Dúirt Dáiví le Dia: “Nach mise a thug an t‑ordú an pobal a áireamh? Mise a pheacaigh; is mise a rinne an drochrud seo. Ach na daoine seo, an tréad seo, cad tá déanta acusan? Luíodh do lámh go trom ormsa, a Thiarna mo Dhia, agus ar mo chlann; ach téadh do phobal slán ón bplá.”
18 Dúirt aingeal an Tiarna ansin le Gád: “Ní foláir do Dháiví dul suas agus altóir a thógáil don Tiarna ar urlár buailte Ornán an Iabúsach.”
19 Ghabh Dáiví suas dá bhrí sin de réir bhriathar Ghád, an briathar a labhair sé in ainm an Tiarna.