26 Thóg Dáiví altóir ansiúd don Tiarna agus d'ofráil íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach. Ghlaoigh sé ar an Tiarna agus d'fhreagair an Tiarna é le tine ó neamh ar altóir an uileloiscthe,
27 agus thug sé ordú don aingeal agus chuir sé a chlaíomh ina thruaill.
28 Nuair a chonaic sé gur fhreagair an Tiarna é ar urlár buailte Ornán an Iabúsach, d'ofráil Dáiví íobairt dó ansiúd.
29 Taibearnacal an Tiarna a rinne Maois san fhásach, agus altóir an uileloiscthe, bhíodar an uair sin san ardionad i nGibeón.
30 Ach ní raibh sé ar a chumas ag Dáiví dul isteach i láthair Dé ansiúd le dul i gcomhairle leis, le barr eagla roimh chlaíomh aingeal an Tiarna.