3 Dúirt Ióáb: “Go gcuire an Tiarna an rath faoi chéad ar do phobal! Nach seirbhísigh le mo thiarna iad go léir, a thiarna, mo rí? Cén fáth a ndéanfadh mo thiarna an fiosrú seo? Cén fáth a dtabharfaí ciontacht ar Iosrael?”
4 Ach chuir an rí an t‑ordú i bhfeidhm ar Ióáb agus d'imigh Ióáb leis agus ghabh trí Iosrael go léir agus ansin d'fhill ar Iarúsailéim.
5 Thug Ióáb figiúir an daonáirimh do Dháiví: in Iosrael go léir bhí milliún agus céad míle fear tarraingthe claímh, agus in Iúdá ceithre chéad seachtó míle fear tarraingthe claímh.
6 Ba ghráin le Ióáb ordú an rí chomh mór sin nach ndearna sé aon áireamh ar Léiví ná ar Bhiniáimin.
7 Ach bhí Dia míshásta leis an iompar seo agus bhuail sé Iosrael.
8 Ansin dúirt Dáiví le Dia: “Pheacaigh mé go trom á dhéanamh seo. Ach anois, impím ort an choir seo a mhaitheamh do do sheirbhíseach. Bhí mé an-amaideach.”
9 Ansin labhair an Tiarna le Gád, fear feasa Dháiví á rá: