4 Ach chuir an rí an t‑ordú i bhfeidhm ar Ióáb agus d'imigh Ióáb leis agus ghabh trí Iosrael go léir agus ansin d'fhill ar Iarúsailéim.
5 Thug Ióáb figiúir an daonáirimh do Dháiví: in Iosrael go léir bhí milliún agus céad míle fear tarraingthe claímh, agus in Iúdá ceithre chéad seachtó míle fear tarraingthe claímh.
6 Ba ghráin le Ióáb ordú an rí chomh mór sin nach ndearna sé aon áireamh ar Léiví ná ar Bhiniáimin.
7 Ach bhí Dia míshásta leis an iompar seo agus bhuail sé Iosrael.
8 Ansin dúirt Dáiví le Dia: “Pheacaigh mé go trom á dhéanamh seo. Ach anois, impím ort an choir seo a mhaitheamh do do sheirbhíseach. Bhí mé an-amaideach.”
9 Ansin labhair an Tiarna le Gád, fear feasa Dháiví á rá:
10 “Imigh agus abair le Dáiví: ‘Seo mar a deir an Tiarna: Tairgim trí rud duit; bíodh do rogha agat astu agus déanfaidh mé duit é.’ ”