1 Ansin dúirt Dáiví: “Anseo a bheidh teach an Tiarna, Dia; anseo a bheidh altóir an uileloiscthe d'Iosrael.”
2 Thug Dáiví ordú na daoine deoranta go léir a bhí ag cur fúthu i dtír Iosrael a chruinniú le chéile; agus chuir sé lucht gearrtha cloch ag soláthar cloch gearrtha le haghaidh tógáil theach Dé.
3 Rinne Dáiví freisin soláthairtí móra iarainn a bhailiú le chéile le tairní a dhéanamh do chomhlaí na ndoirse agus tuislí; agus bhailigh sé níos mó cré-umha ná mar d'fhéadfaí a mheá,
4 agus bíomaí céadair gan áireamh, mar thug na Síodónaigh agus na Tuírigh freisin raidhse céadair chuig Dáiví.