8 Ach tháinig briathar an Tiarna chugam á rá: ‘Dhoirt tú a lán fola agus d'fhear tú cogaí móra; ní thógfaidh tú teach do m'ainm mar gur dhoirt tú an oiread sin fola ar an talamh i mo láthair.
9 Ach, féach, rugadh mac duit. Beidh seisean ina fhear síochána, agus tabharfaidh mé síocháin dó ó na naimhde go léir atá ina thimpeall; mar Solamh (mac na síochána) is ainm dó agus tabharfaidh mé síocháin agus suaimhneas d'Iosrael lena linn.
10 Tógfaidh sé teach do m'ainm; beidh sé mar mhac agam agus beidh mise mar athair aige, agus daingneoidh mé a chathaoir rí in Iosrael go brách.’
11 Go raibh an Tiarna leat anois, a mhic, agus go gcuire sé an rath ort, ag tógáil tí don Tiarna do Dhia, mar a dúirt sé i do thaobh.
12 Agus fairis sin go dtuga sé eagna agus tuiscint duit, i dtreo, nuair a chuirfidh sé i bhfeighil Iosrael thú, go gcoimeádfaidh tú dlí an Tiarna do Dhia.
13 Rithfidh leat ansin má chomhlíonann tú le barr cúraim na reachtanna agus na dlíthe a leag an Tiarna ar Mhaois d'Iosrael. Bíodh fuinneamh agus misneach agat! Ná bíodh eagla ná meatacht ort!
14 Dá [bhoichte] mé, tá céad míle tallann óir curtha i leataobh agam, milliún tallann airgid, agus oiread umha agus iarainn nach féidir a thomhas, le toirt. Tá adhmad agus clocha curtha i dtaisce agam agus ní mór duit cur leo.