17 an t‑aonú ceann fichead ar Iáicín, an dara ceann fichead ar Ghámúl,
18 an tríú ceann fichead ar Dhaláiá, an ceathrú ceann fichead ar Mháiziá.
19 Ba iadsan na fir, mar a claraíodh iad de réir a ndualgas ar leith, a raibh sé de chúram orthu dul isteach i dTeampall an Tiarna de réir mar a shocraigh Árón, a sinsear, dóibh, faoi mar a d'ordaigh an Tiarna Dia Iosrael dó.
20 Maidir leis an gcuid eile de chlann Léiví: de chlann Amrám, Siúbáéil; de chlann Shiúbáéil, Iadaiá.
21 De Rachaibiá, de chlann mhac Rachaibiá: Isíá an sinsear.
22 De na hIzeáraigh: Sealómót; de chlann mhac Shealómót, Iáchat.
23 De chlann Heabrón, Iríá an sinsear, Amairiá, an dara duine, Iachaizíéil an tríú duine, Iacamám an ceathrú duine.