5 Rinneadar an dá dhream acu a eagrú ar cranna mar bhí feidhmeannaigh choisricthe, feidhmeannaigh le Dia, ar chlann Eileázár agus ar chlann Íteámár chomh maith.
6 Rinne duine de na Léivítigh, an scríobhaí Seamaiá mac Natanael, iad a scríobh síos i láthair an rí agus a mhaithe, agus Zádóc an sagart agus Aichímeilic mac Aibíátár agus chinn finí na sagart agus na Léivíteach. Cuireadh gach fine de chlann mhac Eileázár agus de chlann mhac Íteámár ar cranna ar a n‑uair.
7 Thit an chéad chrann ar Iahóiáraíb, an dara ceann ar Iadaiá,
8 an tríú ceann ar Háirim, an ceathrú ceann ar Shoirím,
9 an cúigiú ceann ar Mhailciá, an séú ceann ar Mhíáimin,
10 an seachtú ceann ar Hacóz, an t‑ochtú ceann ar Aibíá,
11 an naoú ceann ar Iéisiúa, an deichiú ceann ar Shacainiá,