13 Cuireadh gach geata ar cranna dóibh, idir fhiní sinsearacha agus fhiní sóisearacha.
14 Thit an crann don gheata thoir ar Shilimiá; ba chomhairleoir críonna é a mhac Zacairiá: nuair a cuireadh ar cranna é, thit an crann don taobh thuaidh airsean.
15 Thit an crann don taobh theas ar Obaed Eadóm, agus don stóras ar a chlann mhac.
16 Thit an crann don iarthar agus do Gheata an Chip ar Lár ar an mbóthar thuaidh, ar Shiuipím agus ar Hosá. Bhí an faire ar uanaíocht:
17 ar an taobh thoir, seisear [sa lá]; ar an taobh thuaidh, ceathrar sa lá; ar an taobh theas, ceathrar sa lá; ag an stóras, beirt ar gach taobh;
18 don Pharbár: ceathrar ag an mbóthar, beirt ag an bParbár.
19 Ba iadsan ranna lucht faire na ngeataí i measc na gCorachach agus na Maráraíoch.