2 Bhí clann mhac ag Misilimiá: Zacairiá an chéadghin, Idíael an dara mac, Zabaidiá an tríú, Iaitníéil an ceathrú,
3 Éalám an cúigiú, Iahóchánán an séú, Eiliohóaenaí an seachtú.
4 Bhí clann mhac ag Obaed Eadóm: Seamaiá an chéadghin, Iahózábád an dara mac, Ióách an tríú mac, Sácár an ceathrú, Natanael an cúigiú,
5 Aimíéil an séú, Íosácár an seachtú, Peulataí an t‑ochtú; chuir Dia an rath air go dearfa.
6 Rugadh clann mhac dá mhac Seamaiá freisin a bhí i gceannas ar a bhfiní mar ba ghaiscígh chumasacha iad.
7 Clann mhac Sheamaiá: Oitní, Rafael, Obaed, Ealzábád agus a [bhráithre] Eilíhiú agus Samaicíá, gaiscígh thréana.
8 Ba chlann mhac le hObaed Eadóm iadsan go léir. Bhíodarsan agus a gclann mhac agus a mbráithre cumasach tréan, oilte dá gcúram. Beirt agus trí fichid d'Obaed Eadóm.