24 ba é Seabúéil mac Ghéirseom, mac Mhaois, an príomhfheidhmeannach a bhí i gceannas na gcistí.
25 Ba iad a ghaolta ó thaobh Eilíeizir: Rachaibiá a mhac; Íseáia a mhacsan; Iórám a mhacsan; Zicrí a mhacsan; Sealomót a mhacsan.
26 Bhí an Sealomót céanna agus a ghaolta i bhfeighil cistí na n‑ofrálacha a thíolaic Dáiví rí, agus na cinn fine, agus na ceannairí míle agus na ceannairí céad, agus na hoifigigh shinsearacha eile.
27 (Rinneadar cuid den chreach chogaidh a thíolacadh le teach an Tiarna a mhaisiú.)
28 Bhíodar freisin i bhfeighil gach ar thíolaic Samúéil fáidh, agus Sól mac Chís, Aibnéar mac Néar, agus Ióáb mac Zarúá. Bhí Sealomót agus a ghaolta i bhfeighil gach ar tíolacadh.
29 Maidir leis na hIzeáraigh: Ceapadh Canainiá agus a chlann mhac i mbun dualgas seachtrach d'Iosrael, mar oifigigh, agus mar bhreithiúna.
30 Agus leis na Heabrónaigh: Ceapadh Haisibiá agus a ghaolta, míle seacht gcéad fear cumasach, le hIosrael a chosaint laistiar den Iordáin chomh fada agus a bhain le fónamh don Tiarna agus le seirbhís don rí.