29 Maidir leis na hIzeáraigh: Ceapadh Canainiá agus a chlann mhac i mbun dualgas seachtrach d'Iosrael, mar oifigigh, agus mar bhreithiúna.
30 Agus leis na Heabrónaigh: Ceapadh Haisibiá agus a ghaolta, míle seacht gcéad fear cumasach, le hIosrael a chosaint laistiar den Iordáin chomh fada agus a bhain le fónamh don Tiarna agus le seirbhís don rí.
31 Agus leis na Heabrónaigh: Iríá an taoiseach. Sa daicheadú bliain de réimeas Dháiví, rinneadh iniúchadh ar ghinealach na bhfiní Heabrónach, agus aimsíodh fir chumasacha leo ag Iazaer i nGileád.
32 Cheap Dáiví rí dhá mhíle seacht gcéad fear cogaidh, gaolta le hIríá agus cinn finí, mar mhaoir ar na Reúbaenaigh, na Gádaigh agus leaththreibh Mhanaise, i gcúraimí uile Dé agus an rí.