6 Rugadh clann mhac dá mhac Seamaiá freisin a bhí i gceannas ar a bhfiní mar ba ghaiscígh chumasacha iad.
7 Clann mhac Sheamaiá: Oitní, Rafael, Obaed, Ealzábád agus a [bhráithre] Eilíhiú agus Samaicíá, gaiscígh thréana.
8 Ba chlann mhac le hObaed Eadóm iadsan go léir. Bhíodarsan agus a gclann mhac agus a mbráithre cumasach tréan, oilte dá gcúram. Beirt agus trí fichid d'Obaed Eadóm.
9 Bhí clann mhac agus bráithre ag Misilimiá; ochtar déag gaiscíoch.
10 Bhí clann mhac ag Hosá - duine de chlann Mharáraí; Simrí an chéad duine, mar, cé narbh é an chéadghin é, rinne a athair taoiseach de.
11 Hilcíá an dara duine, Tabailiá an tríú duine, Zacairiá an ceathrú duine. Bhí triúr déag ar fad de chlann mhac agus de bhráithre ag Hosá.
12 Bhí a ndualgais féin ar na ranna seo de lucht faire na ngeataí, ag freagairt do na dualgais a bhí ar a ngaolta a bhí i seirbhís Theampall an Tiarna.