11 San ochtú háit, i gcomhair an ochtú mí, bhí Sibeacai ó Huiseá, Zearachach. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.
12 San naoú háit, i gcomhair an naoú mí, bhí Aibíeizir ó Anatót, an Biniáimineach. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.
13 Sa deichiú háit, i gcomhair an deichiú mí, bhí Maharai ó Natófá, Zearachach. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.
14 San aonú háit déag i gcomhair an aonú mí déag, bhí Banáiá ó Phiorátón, de chlann Eafráim. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.
15 Sa dara háit déag i gcomhair an dara mí déag, bhí Healdai ó Natófá, de shliocht Oitníéil. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.
16 Uachtaráin ar threibheanna Iosrael: Eilíeizir mac Zicrí an príomhoifigeach ag na Reúbaenaigh; Seafaitiá mac Mhácá do na Simeonaigh.
17 Haisibiá mac Chamuéil do na Léivítigh; Zádóc do na hÁrónaigh;