15 Sa dara háit déag i gcomhair an dara mí déag, bhí Healdai ó Natófá, de shliocht Oitníéil. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.
16 Uachtaráin ar threibheanna Iosrael: Eilíeizir mac Zicrí an príomhoifigeach ag na Reúbaenaigh; Seafaitiá mac Mhácá do na Simeonaigh.
17 Haisibiá mac Chamuéil do na Léivítigh; Zádóc do na hÁrónaigh;
18 Eilíhiú, deartháir le Dáiví, do na Iúdaigh; Omraí mac Mhíocáéil do na hÍosácáraigh.
19 Ismeá mac Obaidiá do na Zabúlunaigh; Irímeot mac Aizríéil do na Naftáilígh.
20 Hóiseá mac Azaiziá do na hEafráimigh. Ióéil mac Phadáiá do leaththreibh Mhanaise.
21 Ideo mac Zacairiá do leath-threibh Mhanaise i nGileád. Iasaíéil mac Aibnéar do Bhiniáimin.