26 bhí Eizrí mac Chalúb ina mhaor ar lucht saothraithe na talún ag obair sna goirt;
27 bhí Simeí ó Rámá ina mhaor ar na fíonghoirt; bhí Zaibdí ó Sheafam ina mhaor ar an muintir sna fíonghoirt a bhí i bhfeighil na siléar;
28 bhí Bál Hánán ó Gheadaer ina mhaor ar na crainn olóige agus siceamair, ar na hísleáin; bhí Ióáis ina mhaor ar na stórais ola;
29 bhí Sitrai ó Sheárón ina mhaor ar na táinte ar féarach i Seárón; bhí Seáfát mac Adlái ina mhaor ar na tréada sna gleannta;
30 bhí Óibíl an tÍsméileach ina mhaor ar na camaill; bhí Ichdeiá ó Mhaeranót ina mhaor ar na hasail;
31 bhí Iázoíz an Hagrach ina mhaor ar na tréada. Ba mhaoir ar mhaoin Dháiví iad sin go léir.
32 Ba chomhairleoir é Iónátán uncail Dháiví, fear stuama agus scríobhaí. Bhí sé féin agus Ichiéil mac Hacmónaí i bhfeighil mhic an rí.