3 Ba de shliocht Pheiriz é agus bhí sé ina thaoiseach ar na hoifigigh go léir a bhí ceaptha don chéad mhí.
4 Bhí Dódai an tAchóchach i gceannas an dara roinn i gcomhair an dara mí. Bhí sé i bhfeighil roinne de cheithre mhíle fichead fear.
5 Ba é Banáiá mac Iahóideá, an t‑ardsagart, oifigeach an tríú roinn i gcomhair an tríú mí. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.
6 Ba é an Banáiá seo curadh an tríochad, agus ba é a bhí i gceannas an tríochad agus a roinne. Aimízeábád a mhac.
7 Sa cheathrú háit, i gcomhair an ceathrú mí, bhí Asáhael, deartháir Ióáb. Tháinig a mhac Zabaidiá i gcomharbacht air. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.
8 Sa chuigiú háit, i gcomhair an cúigiú mí, bhí Seamút, an tIzeárach. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.
9 Sa séú háit, i gcomhair an séú mí, bhí Íreá mac Icéis ó Theacóá. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.