31 bhí Iázoíz an Hagrach ina mhaor ar na tréada. Ba mhaoir ar mhaoin Dháiví iad sin go léir.
32 Ba chomhairleoir é Iónátán uncail Dháiví, fear stuama agus scríobhaí. Bhí sé féin agus Ichiéil mac Hacmónaí i bhfeighil mhic an rí.
33 Ba é Aichítifeil comhairleoir an rí, agus ba é Huiseá an tArcach cara an rí.
34 Tháinig Iahóideá mac Bhanáiá agus Aibíátár in áit Aichítifeil. Bhí Ióáb i gceannas ar arm an rí.