9 Sa séú háit, i gcomhair an séú mí, bhí Íreá mac Icéis ó Theacóá. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.
10 Sa seachtú háit, i gcomhair an seachtú mí, bhí Héiliz an Palónach duine de chlann Eafráim. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.
11 San ochtú háit, i gcomhair an ochtú mí, bhí Sibeacai ó Huiseá, Zearachach. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.
12 San naoú háit, i gcomhair an naoú mí, bhí Aibíeizir ó Anatót, an Biniáimineach. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.
13 Sa deichiú háit, i gcomhair an deichiú mí, bhí Maharai ó Natófá, Zearachach. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.
14 San aonú háit déag i gcomhair an aonú mí déag, bhí Banáiá ó Phiorátón, de chlann Eafráim. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.
15 Sa dara háit déag i gcomhair an dara mí déag, bhí Healdai ó Natófá, de shliocht Oitníéil. Bhí sé i gceannas roinne de cheithre mhíle fichead fear.