1 Chruinnigh Dáiví le chéile in Iarúsailéim feidhmeannaigh Iosrael go léir, uachtaráin na dtreibheanna, oifigigh na ndíormaí i seirbhís an rí, na ceannairí míle, agus na ceannairí céad, maoir maoine agus eallaigh an rí agus a mhic, agus, chomh maith leosan, na coillteáin agus na curaidh chróga chatha.
2 Ansin sheas Dáiví rí ar a chosa deiridh agus dúirt: “A ghaolta agus a mhuintir liom, tugaigí cluas dom. Bhí sé bhuailte isteach i mo chroí teach socair a thógáil d'áirc chonradh an Tiarna, agus mar stól do chosa ár nDé. Rinne mé ullmhúchán don tógáil,
3 ach dúirt an Tiarna liom: ‘Ní thógfaidh tú teach do m'ainm mar gur curadh cogaidh thú agus gur dhoirt tú fuil.’
4 Ach mar sin féin, thogh an Tiarna Dia Iosrael mise, thar theaghlach uile m'athar, le bheith i mo rí ar Iosrael go deo. Thogh sé Iúdá mar thaoiseach, agus mo fhine-se laistigh de theaghlach Iúdá; agus thar chlann mhac m'athar, thug sé mise mar rí d'Iosrael go léir le barr deamhéine.
5 Agus thogh sé mo mhac Solamh thar mo chlann mhac go léir - mar bhronn an Tiarna a lán mac orm - le suí ar ríchathaoir an Tiarna i gceannas Iosrael.
6 Dúirt sé liom: ‘Solamh do mhac a thógfaidh mo theach agus mo chúirteanna dom, óir thogh mé é le bheith mar mhac agam, agus beidh mise mar athair aigesean.