12 thug sé cur síos dó freisin ar a raibh beartaithe aige do chúirteanna theach an Tiarna, do na seomraí ina thimpeall, do chistí theach Dé, agus do chistí na n‑ofrálacha deonacha;
13 agus do ranna na sagart agus na Léivíteach, agus do na dualgais liotúirge i dTeampall an Tiarna, do ghréithe uile na seirbhíse i dTeampall an Tiarna;
14 don mheáchan óir do na soithí óir go léir do gach seirbhís, don mheáchan airgid do na soithí airgid do gach seirbhís,
15 don mheáchan óir do na coinnleoirí óir agus dá lóchrainn, don mheáchan óir do gach coinnleoir agus dá lóchrainn, don mheáchan airgid don choinnleoir airgid agus dá lóchrainn, de réir mar ba ghá do gach coinnleoir sa tseirbhís,
16 don mheáchan óir do gach bord i gcomhair arán an taispeántais, don airgead do na boird airgid,
17 don ór fíre do na gabhla, na miasa, na cupáin; do na cuacha óir agus do mheáchan gach cinn díobh; do na cuacha airgid agus do mheáchan gach cinn díobh;
18 don mheáchan óir fhíre d'altóir na túise; thug sé dó chomh maith a phlean do charbad óir na gceiribíní a leathann a sciatháin os cionn áirc chonradh an Tiarna -