1 Croinicí 28:8-14 ABN

8 I láthair Iosrael go léir anois, dá bhrí sin, agus i láthair chomhthionól an Tiarna, agus in éisteacht ár nDé, comhlíonaigí agus faighigí tuiscint ar aitheanta uile an Tiarna bhur nDia, i dtreo go mbeidh an tír bhreá thorthúil seo in bhur seilbh agus go bhfágfaidh sibh mar oidhreacht é ag bhur gclann in bhur ndiaidh go brách.

9 Agus tusa, a Sholaimh, a mhic, cuir aithne ar Dhia d'athar; tabhair seirbhís dó ó do chroí go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán; óir scrúdaíonn an Tiarna gach croí agus is eol dó gach beartas agus gach smaoineamh. Má lorgaíonn tú é, ligfidh sé duit é a fháil, ach má dhéanann tú é a thréigean, caithfidh sé i leataobh thú go brách.

10 Déan do mhachnamh anois ar conas a thogh an Tiarna thú le teach a thógáil don sanctóir. Bí laidir agus déan amhlaidh.”

11 Thug Dáiví ansin do Sholamh, a mhac, an plean do phóirse an Teampaill, dá fhoirgnimh, dá chistí, dá sheomraí uachtair, dá sheomraí cúil, agus don seomra i gcomhair chathaoir na trócaire;

12 thug sé cur síos dó freisin ar a raibh beartaithe aige do chúirteanna theach an Tiarna, do na seomraí ina thimpeall, do chistí theach Dé, agus do chistí na n‑ofrálacha deonacha;

13 agus do ranna na sagart agus na Léivíteach, agus do na dualgais liotúirge i dTeampall an Tiarna, do ghréithe uile na seirbhíse i dTeampall an Tiarna;

14 don mheáchan óir do na soithí óir go léir do gach seirbhís, don mheáchan airgid do na soithí airgid do gach seirbhís,