13 Beirimid buíochas leat anois a Dhia linn, agus molaimid glóir d'ainm.
14 Óir cé hé mise agus céard é mo mhuintir, go mbeadh sé d'acmhainn ionainn tabhartais chomh fial sin a bhronnadh? Óir is uaitse gach ní agus is ó do chuid féin a bhronnaimid ort.
15 Óir is coimhthígh sinn agus lucht cuairte i do láthair, dála ár sinsear go léir; is cuma ár seal ar talamh nó scáth gan aon tathag.
16 A Thiarna, a Dhia linn, tá an soláthar seo go léir curtha ar fáil againn le teach a thógáil duit i gcomhair d'ainm, ach is ó do láimhse a tháinig sé agus is leatsa é go léir.
17 Tá a fhios agam, a Dhia, go scrúdaíonn tú an croí, agus gur gean leat an t‑ionracas; d'ofráil mé na nithe seo go léir le hionracas croí agus le fonn; tá sé d'áthas agam anois do phobal anseo a fheiceáil ag ofráil a dtabhartas duit le fonn.
18 A Thiarna, Dia ár sinsear, Abrahám, Íosác agus Iosrael, cumhdaigh an tnúth agus na smaointe seo i gcroí do phobail go brách agus treoraigh a gcroí chugat féin.
19 Tabhair do Sholamh mo mhac croí meáite ar d'aitheanta, do reachtanna, agus d'fhorálacha, a chomhlíonadh; go gcuire sé iad go léir i bhfeidhm agus an pálás seo a d'ullmhaigh mé duit a thógáil.”