19 Tabhair do Sholamh mo mhac croí meáite ar d'aitheanta, do reachtanna, agus d'fhorálacha, a chomhlíonadh; go gcuire sé iad go léir i bhfeidhm agus an pálás seo a d'ullmhaigh mé duit a thógáil.”
20 Dúirt Dáiví ansin leis an gcomhthionól go léir: “Molaigí an Tiarna bhur nDia!” Agus mhol an comhthionól go léir an Tiarna, Dia a sinsear, agus chuaigh siad ar a nglúine le hómós a thabhairt don Tiarna agus don rí.
21 Lá arna mhárach d'ofráil siad ofrálacha agus íobairtí uileloiscthe don Tiarna - míle tarbh, míle reithe, míle uan, mar aon lena n‑íobairtí dí, agus le híobairtí ar son Iosrael go léir.
22 D'itheadar agus d'óladar an lá sin i láthair an Tiarna agus iad lán d'áthas. Ansin cheapadar Solamh mac Dháiví mar dhara rí acu agus d'ungadar é mar thaoiseach in ainm an Tiarna, agus d'ungadar Zádóc ina shagart.
23 Shuigh Solamh i ríchathaoir an Tiarna mar rí in áit Dháiví a athair. Bhí an rath air agus ghéill Iosrael go léir dó.
24 Thug na taoisigh go léir, agus na curaidh go léir, agus clann mhac Dháiví, a ngéillsine do Sholamh rí.
25 Thug an Tiarna cáil thar barr do Sholamh i bhfianaise Iosrael go léir, agus bhronn air ríúlacht nach raibh ag aon rí eile ar Iosrael riamh roimhe.