6 Ansin cinn na bhfiní, taoisigh na dtreibheanna, na ceannairí míle agus na ceannairí céad, agus maoir ghnóthaí an rí, rinne siad a n‑ofrálacha deonacha.
7 Thugadar i gcomhair sheirbhís theach Dé, chúig mhíle tallann agus deich míle dáireach óir, deich míle tallann airgid, ocht míle déag tallann cré-umha, céad míle tallann iarainn.
8 An té a raibh clocha lómhara aige, thug sé iad do chiste theach an Tiarna, le bheith faoi chúram Ichíéil an Géirseonach.
9 Bhí lúcháir ar an bpobal mar go ndearna siad a n‑ofrálacha le barr féile, mar ba le barr croí mhóir a d'ofráil siad a dtabhartas fial don Tiarna. Bhí Dáiví rí freisin lán d'áthas.
10 Mhol Dáiví an Tiarna i láthair an chomhthionóil ar fad agus dúirt: “Gura beannaithe thú, a Thiarna, Dia Iosrael ár sinsear, go brách na breithe.
11 Is leatsa, a Thiarna, an mhéid, an chumhacht, an ghlóir, an bua, agus an mhórgacht; óir is leatsa a bhfuil ar neamh agus ar talamh; is leatsa an flaitheas, a Thiarna: is tusa an bhuaic go hard os cionn cách.
12 Is uaitse saibhreas agus onóir, agus is tú a rialaíonn gach ní; tá neart agus cumhacht i do láimh; ar do láimhse atá méid agus cumas a thabhairt do chách.