1 Clann mhac Iúdá: Bearna, Heazrón, Cairmí, Húr, Seobál.
2 Ghin Reáiá mac Sheobál Iachat; ghin Iachat Achúmai agus Lachad. Sin iad finí na Zorátach.
3 Seo iad clann mhac Eatám: Izréil, Ismeá, Iodbáis. Hazalalpóiní ab ainm dá ndeirfiúr.
4 Ghin Panúéil Gador; ghin Eizir Húiseá. Iadsan clann mhac Húr, céadghin Eafrátá, athair Bhéitlihim.
5 Bhí beirt bhan ag Aischiúr, athair Theacóá, Healá agus Nárá.
6 Rug Nárá dó: Achuzám, Héifir, na Timnigh agus na hAchaisteáraigh. Iadsan clann mhac Nárá.
7 Clann mhac Healá: Zeirit, Zochar, Eatnán.