20 Clann mhac Shimeon: Amnón Rinneá, Bein Hánán, Tíleón. Clann mhac Isí: Zóchaet agus Bein Zóchaet.
21 Clann mhac Shéileá mac Iúdá: Éar athair Laecá, Ladá athair Mháiréiseá, finí lucht déanta línéadaigh ag Béit Aisbéa,
22 Iócaím, muintir Chozaebá; Ióáis agus Sárof a chuaigh go Móáb le mná a fháil [roimh filleadh go Béitlihim]. (Sin mar a bhí fadó.)
23 Ba chriadóirí iadsan agus mhaireadar i Natáím agus i nGadaerá. D'fhan siad leis an rí ansiúd ag obair ina cheardlann.
24 Clann mhac Shimeon: Namúéil, Iáimín, Iáraíb, Zearach, Seáúl;
25 Sealúm a mhac; Miobsám a mhacsan; Mismeá a mhacsan.
26 Clann mhac Mhismeá: Hamúéil a mhac; Zacúr a mhacsan; Simeí a mhacsan.