1 Clann mhac Reúbaen, céadghin Iosrael. Ba eisean an chéadghin, ach de bhrí gur thruailligh sé leaba a athar, tugadh a cheart céadghine do chlann mhac Iósaef mac Iosrael. Chaill sliocht Reúbaen ceart na céadghine,
2 óir d'éirigh Iúdá níos tréine ná a dheartháireacha - mar tháinig flaith ar a shliocht - ach d'fhan ceart na céadghine ag Iósaef.
3 Clann mhac Reúbaen, céadghin Iosrael: Hanóc Palú, Heazrón, Cairmi.
4 Clann mhac Ióéil: Seamaiá a mhac; Góg a mhacsan; Simeí a mhacsan;
5 Míceá a mhacsan; Reáiá a mhacsan; Bál a mhacsan;