16 Chuir siad fúthu i nGileád, i mBáiseán agus ina bhailte fearainn agus ar fud tailte féaraigh Sheárón ó cheann ceann.
17 Le linn Iótám rí Iúdá (agus Iarobám rí Iúdá) dáileadh iad de réir a gceap faoi leith.
18 Clann Reúbaen, clann Ghád, leaththreibh Mhanaise, cuid dá ngaiscígh, lucht iompartha scéithe agus claímh, agus láimhsithe bogha, le taithí ar chogaíocht, daichead a ceathair míle seacht gcéad seasca díobh ullamh chun seirbhíse -
19 chuir siad cogadh ar na Hagraígh, ar Iatúr, ar Náifís agus ar Nódáb.
20 Tháinig [Dia] i gcabhair orthu ina gcoinne agus tugadh na Hagraígh agus a lucht tacaíochta go léir ar láimh dóibh; óir bhíodar ag guí chun Dé ag troid dóibh, agus de bhrí go raibh muinín acu as, d'éist sé lena nguí.
21 Thugadar leo óna n‑eallach: caoga míle camall, dhá chéad go leith míle caora, dhá mhíle asal agus céad míle fear,
22 óir, de bhrí go raibh Dia i bhfeighil an chatha, leagadh a lán ar lár. Chuir siad fúthu ina n‑áit siúd go dtí an deoraíocht.